Preasráitis

Cuireann an tAire Byrne fáilte roimh na torthaí atá ar staidéar ar úsáid fhadhbach codlaidíneach in Éirinn, ina léirítear go bhfuil laghdú tagtha ar an líon daoine óga atá ag tosú ar chodlaidínigh a úsáid

Tá Catherine Byrne TD, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, tar éis fáilte a chur roimh na torthaí atá ar staidéar ar úsáid codlaidíneach in Éirinn don tréimhse 2011-2014, ina dtugtar le fios gur ar leibhéal seasta go fóill atá na rátaí foriomlána leitheadúlachta maidir le húsáid fhadhbach codlaidíneach in Éirinn. Tugtar le fios sna torthaí freisin go bhfuil laghdú tagtha ar an líon daoine óga atá ag tosú ar chodlaidínigh a úsáid.

Cuirtear i láthair sa tuarascáil na torthaí atá ar staidéar chun meastachán a thabhairt ar an líon úsáideoirí codlaidíneach a bhí ann in Éirinn sa bhliain 2014, mar aon le faisnéis faoi threochtaí sa bhliain 2011 go dtí an bhliain 2014.  Tugtar le fios sa tuarascáil go raibh thart ar 18,988 n-úsáideoir codlaidíneach san iomlán ann in Éirinn sa bhliain 2014.  Cuireadh na meastacháin do na blianta 2011, 2012 agus 2013 i gcomparáid leis na meastacháin don bhliain 2014 chun faisnéis a thabhairt faoi na hathruithe atá tagtha ar leitheadúlacht na húsáide codlaidíneach le himeacht ama.

Dúirt an tAire Byrne: “Cuirim fáilte roimh na torthaí atá ar an staidéar seo, ina dtugtar le fios go bhfuil úsáid codlaidíneach in Éirinn ag teacht ar leibhéal seasta.  Léirítear sna figiúirí leitheadúlachta freisin go bhfuil difríocht shoiléir ann i measc na gcohórt difriúil aoise, áit a bhfuil úsáideoirí reatha codlaidíneach ag dul in aois agus a bhfuil laghdú ag teacht ar an líon daoine óga atá ag tosú ar chodlaidínigh a úsáid.  Tá níos mó ná leath na n-úsáideoirí codlaidíneach in Éirinn san aoisghrúpa de dhaoine idir 35-64 bliain d’aois – bhí níos lú ná aon trian de na húsáideoirí san aoisghrúpa sin sa staidéar roimhe a rinneadh sa bhliain 2006.”

Dúirt an tAire freisin: “Cé gur ábhar misnigh iad na torthaí, níor cheart dúinn bheith réchúiseach faoin scéal.  Tá fadhb réasúnta mór againn in Éirinn le hearóin go fóill.  Bhí níos mó ná 9,900 duine ag fáil cóireáil meatadóin ag deireadh na bliana 2016, agus meastar sa tuarascáil go raibh 18,988 n-úsáideoir codlaidíneach ann sa bhliain 2014. Tugann an méid sin le tuiscint nach bhfuil líon suntasach úsáideoirí codlaidíneach ag fáil cóireála faoi láthair.”

“Is é an fhís atá leis an straitéis nua uainn, Dochar a Laghdú, Téarnamh a Chothú – freagairt atá faoi stiúir ag an tsláinte i leith úsáid drugaí agus alcóil in Éirinn, ná go mbeidh Éire níos sláintiúla agus níos sábháilte againn.  A bhuí leis an bhfaisnéis atá tugtha sa tuarascáil seo, cabhrófar leis na gníomhartha atá sa straitéis nua a chur chun feidhme, lena n-áirítear gealltanais chun feabhas a chur ar rochtain ar Chóireáil Ionadaithe Codlaidíneach agus chun amanna feithimh a laghdú.  Beidh an fhaisnéis mhionsonraithe atá sa staidéar seo ríthábhachtach agus sinn ag sainaithint cé na seirbhísí a bheidh ag teastáil chun freastal ar na treochtaí a thiocfaidh chun cinn sna blianta atá romhainn.”
Tá an tOllamh Catherine Comiskey ina hiar-Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí agus Alcól, a choimisiúnaigh an píosa taighde seo. D’aontaigh sí leis na tuairimí ón Aire, agus í ag rá: ‘Ábhar imní ar fud na hEorpa faoi láthair is ea dul in aois agus úsáid codlaidíneach agus an úsáid idirghlúine atá á baint as substaintí. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh gur tuismitheoirí nó seantuismitheoirí iad a lán daoine atá ar lorg cóireála nó atá ag fáil cóireála faoi láthair agus go bhfuil riachtanais eile sláinte agus chúraim shóisialaigh acu freisin’.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Byrne, “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a chuir an Dr Gordon Hay agus a fhoireann isteach chun an tuarascáil seo a ullmhú.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Catherine Comiskey freisin as an ról lárnach atá imeartha aici le roinnt blianta anuas mar Chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí agus Alcól.  Ina theannta sin, léirigh na baill den Choiste a bhí faoi cheannaireacht ag an Ollamh Comiskey go bhfuil siad tiomanta do chur leis an eolas comhchoiteann atá againn ar na saincheisteanna a bhaineann le húsáid drugaí agus alcóil agus don bhonn fianaise le haghaidh ceapadh beartas in Éirinn a neartú.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir
Leis an staidéar seo ar choimisiúnaigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí agus Alcól é, athraítear chun dáta an meastachán ar úsáid codlaidíneach in Éirinn ó staidéir roimhe (NACD 2003; 2009) a rinneadh ar mheastacháin leitheadúlachta in Éirinn.

San anailís ar threochtaí in úsáid fhadhbach drugaí ar cuireadh cóireáil ina haghaidh, tuairiscítear go bhfuil cobhsú/laghdú tagtha le blianta beaga anuas ar an gcéatadán d’úsáideoirí codlaidíneach.  Rud ba dhéanaí fós, áfach, ceistítear an staid sin go mór le cuntais starógacha á léiriú go bhfuil leathadh agus/nó méadú tagtha ar úsáid codlaidíneach ar fud na tíre.  Chun é sin a shoiléiriú, teastaíonn meastacháin leitheadúlachta níos cothroime le dáta ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal réigiúnach.

Tá meastacháin leitheadúlachta an-luachmhar le haghaidh riachtanais chóireála a mheasúnú agus tá siad ina mbonn réalaíoch le meastachán a dhéanamh ar na costais shóisialta a bhaineann le fadhbanna drugaí.   Trí mheastacháin a chur ar fáil ar bhonn rialta, is féidir athruithe a rianú le himeacht ama, dul chun cinn a thagarmharcáil agus, ar deireadh, béim a leagan ar na saincheisteanna beartais a thagann chun cinn.

Tá na torthaí seo a leanas i measc na dtorthaí atá ar an staidéar:
·        tá formhór na n-úsáideoirí codlaidíneach in Éirinn ina gcónaí i gcathair agus contae Bhaile Átha Cliath, agus tá 5,530 úsáideoir codlaidíneach ina gcónaí i limistéir eile;
·        is airde go mór an ráta leitheadúlachta (in aghaidh gach míle duine idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois) i gcathair agus contae Bhaile Átha Cliath (15.15) ná sa chuid eile den Stát;
·        tháinig laghdú sa tréimhse 2011-2014 ar an ráta úsáide codlaidíneach i measc daoine idir 15 bliana d’aois agus 24 bliana d’aois agus i measc daoine idir 25 bliana d’aois agus 34 bliana d’aois, rud a léiríonn go bhfuil laghdú ann sa líon daoine óga atá ag tosú ar chodlaidínigh a úsáid;
·        is idir 35 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois atá 59.11% d’úsáideoirí codlaidíneach;
·        maidir le difríochtaí réigiúnacha, tá an úsáid codlaidíneach is airde ann i Limistéar Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail 9 (Baile Átha Cliath Thuaidh agus Fine Gall), áit arb ionann í agus 17.46 duine in aghaidh gach míle duine idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois. Is i Limistéar Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail 7 atá an dara ráta is airde, áit arb ionann é agus 11.59 duine in aghaidh gach míle duine. Tá úsáid codlaidíneach measartha íseal ann i Limistéir Eagraíocht Cúram Sláinte Pobail 1 agus 2, a chumhdaíonn Iarthar/Iarthuaisceart an Stáit. Is ionann an leitheadúlacht sna limistéir sin agus 1 duine in aghaidh gach míle duine;
·        tá difríochtaí réigiúnacha ann sa chéatadán d’úsáideoirí codlaidíneach sna haoisghrúpaí is óige – i gcás limistéar a chumhdaíonn Baile Átha Cliath, is lú ná 5% go comhsheasmhach an céatadán measta d’úsáideoirí codlaidíneach idir 15 bliana d’aois agus 24 bliana d’aois. Is iad 8% agus 9% na céatadáin san Iarthar agus san Iarthuaisceart agus is é 10% an céatadán i limistéir Mheániarthair, Oirdheiscirt agus Dheiscirt an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil; agus
·        maidir le difríochtaí i limistéir an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil, is airde an úsáid codlaidíneach i limistéar Bhaile Munna, áit arb ionann í agus 63.24 duine in aghaidh gach míle duine idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois. Is iad limistéar Bhaile Formaid, áit arb ionann í agus 37.87 duine in aghaidh gach míle duine, agus Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, áit arb ionann í agus 37.66 duine in aghaidh gach míle duine, na limistéir ina bhfuil an úsáid codlaidíneach is airde. Tá an úsáid codlaidíneach is lú ann i limistéar Iarthuaiscirt an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil, áit arb ionann í agus 0.57 duine in aghaidh gach míle duine. Ina theannta sin, tá rátaí leitheadúlachta atá cothrom le thart ar 1 duine in aghaidh gach míle duine idir 15 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois ann i limistéar Deiscirt an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil agus i limistéar Iarthair an Tascfhórsa Drugaí agus Alcóil.

Príomhúdar agus modheolaíocht taighde na tuarascála
Is é an Dr Gordon Hay ón Public Health Institute, Liverpool John Moores University, a stiúir an staidéar. Rinneadh meastachán sa staidéar ar leitheadúlacht na n-úsáideoirí fadhbacha codlaidíneach in Éirinn. Úsáideadh modh gabhála aisghabhála ceithre shampla agus modh an iltáscaire lena linn.

Meastacháin Roimhe ar Úsáid Codlaidíneach in Éirinn
Cuireadh meastacháin ar úsáid hearóine in Éirinn sa staidéar gabhála aisghabhála ar úsáid fhadhbach codlaidíneach ar fhoilsigh an Coiste Comhairleach Náisiúnta ar Dhrugaí é sa bhliain 2009 (teideal: Prevalence of Opiate Use in Ireland 2006: A 3-Source Capture Recapture Study).