Preasráitis

Buailfidh na hAirí le lucht bainistíochta Lakers an tseachtain seo chugainn tar éis an damáiste dóiteáin

Buailfidh Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Finian McGrath, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Míchumas, le lucht bainistíochta Lakers an tseachtain seo chugainn.

Cuireadh seirbhísí do níos mó ná 400 duine a bhfuil riachtanais speisialta acu ar fionraí de bharr an damáiste a rinne dóiteán ag áitreabh na seirbhíse.

Dé hAoine, tháinig an tAire Harris le chéile leis an lucht bainistíochta, leis an bhfoireann agus le húsáideoirí seirbhíse ag an áitreabh agus thairg sé tacaíocht dóibh.

“Is brónach an lá é seo don phobal, go háirithe do na daoine a bhíonn ag brath ar an tseirbhís ríthábhachtach seo.

“Mholfainn d’aon daoine ar féidir leo cabhrú le hionaid eile nó iompar a chur ar fáil teagmháil a dhéanamh leis an lucht bainistíochta áitiúil. Is eagraíocht den chéad scoth í seo. Tá sé beartaithe agam bualadh leis an lucht bainistíochta arís Dé Luain chun measúnú a dhéanamh ar a bhfuil i ndán don tsaoráid sa ghearrthéarma.”

Buailfidh Finian McGrath, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Míchumas, leis an lucht bainistíochta an tseachtain seo chugainn freisin chun tacaíocht a thairiscint dó.

Dúirt an tAire McGrath gur seirbhís riachtanach í seo don phobal áitiúil agus thairg sé tacaíocht dá húsáideoirí, dá foireann agus dá lucht bainistíochta.

“Ba thragóid uafásach é an dóiteán agus tá sé ríthábhachtach go n-íoslaghdófar aon tionchar ar an tseirbhís. Táim ag tnúth le bualadh leis an lucht bainistíochta an tseachtain seo chugainn chun na nithe sin a phlé.”

CRÍOCH