Preasráitis

Buaileann an tAire Sláinte leis an Dr Gabriel Scally

Bhuail Simon Harris, an tAire Sláinte, leis an Dr Gabriel Scally tráthnóna inniu.

D’iarr an tAire ar an Dr Scally athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an bplean cur chun feidhme atá molta sa tuarascáil uaidh.

Tabharfaidh an Dr Scally faoi obair bhreise i dtaca le saotharlanna freisin.

Dúirt an tAire Harris: “Ba chúis áthais dom bualadh leis an Dr Scally inniu chun buíochas a ghabháil leis as an obair atá déanta aige cheana féin agus chun súil a chaitheamh ar na chéad chéimeanna eile.

“Táim ag tnúth lena rannpháirtíocht agus lena thacaíocht leanúnach san obair thábhachtach seo.”

CRÍOCH