Beartas

Leaba ghréine

Is é is leaba ghréine ann ná aon aonad donnúcháin ina n-úsáidtear radaíocht ultraivialait chun an craiceann a dhonnú.  Is féidir leis an méid radaíochta ultraivialaite a scaoiltear ó leaba ghréine bheith a cúig oiread déag níos airde ná an méid a scaoiltear ó ghrian na Meánmhara ar mheán lae.  Contrártha do thuairim daoine áirithe, níl leaba ghréine níos sábháilte ná bheith amuigh faoin ngrian maidir le dath gréine a chur ort. Nochtann leaba ghréine do chraiceann do ghathanna UVA agus UVB, gathanna a dhéanann damáiste do chealla do chraicinn agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailse chraicinn.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil