Comhráite

COMHRÁ TWITTER – @chiefnurseIRE

9 Lúnasa 2017

SÁRTHAISPEÁNTAS TIONSCNAMH ÁITIÚIL ALTRANAIS AGUS CNÁIMHSEACHAIS

#NMInitiatives

Tá sé de nós ag altraí agus ag cnáimhsigh i gcónaí triail a bhaint as bealaí nua oibre. Tá samplaí de nuálaíocht altranais agus cnáimhseachais le feiceáil gach áit freisin.

Bíonn tionscnaimh á gceapadh agus á gcur chun feidhme ag altraí agus ag cnáimhsigh agus bíonn cúram níos fearr á sholáthar d’othair agus do chliaint dá mbarr. Ba mhaith linn cloisteáil faoi na tionscnaimh sin.

Glac páirt sa Chomhrá ar Twitter agus inis dúinn cén difear a bhíonn á dhéanamh ag do chuid smaointe.

Ceisteanna ba cheart a bhreithniú roimh an gcomhrá:

  1. Cén feabhas a bhí tú ag iarraidh a dhéanamh/cén fhadhb a bhí tú ag iarraidh a réiteach?
  2. Conas a d’éirigh leat an feabhas a dhéanamh/an fhadhb a réiteach?
  3. Cén toradh a bhí ar an obair sin?