Preasráitis

Rithfidh an Rialtas reachtaíocht ar Atáirgeadh Daonna Cuidithe agus ar an Taighde Gaolmhar

Dréachtófar achoimre ar an mBille agus cuirfear próiseas fairsing comhairliúcháin phoiblí ar siúl ina dhiaidh sin

Chomhaontaigh an Rialtas go n-ullmhódh sé dlíthe nua chun rialáil a dhéanamh ar mháthairionadaíocht, ar réimse leathan an atáirgthe dhaonna chuidithe agus ar an taighde gaolmhar agus go gcuirfeadh sé deireadh leis an neamhchinnteacht dhlíthiúil ina n-oibríonn na seirbhísí sin faoi láthair.

Thug an Chomh-aireacht údarú don Roinn Sláinte reachtaíocht ar Atáirgeadh Daonna Cuidithe agus ar an taighde gaolmhar a ullmhú. Déanfaidh sé sin raon cleachtas a rialáil den chéad uair riamh, lena n-áirítear:

  • máthairionadaíocht;
  • deonú suthanna;
  • scagthástáil suthanna le haghaidh galair ghéiniteacha thromchúiseacha;
  • deonú gaiméití (speirm nó ubh);
  • taighde gaschille.

“Beidh sé mar thosaíocht i rith an phróisis folláine, sábháilteacht agus leas is fearr na leanaí a chosaint agus seasamh leis na prionsabail um thoiliú agus um chomhionannas,” arsa an tAire Varadkar.

Dréachtóidh an Roinn Sláinte Cinn an Bhille anois sula n-iarrfaidh sí aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara mar chuid de phróiseas fairsing comhairliúcháin phoiblí. Chomh maith leis sin, iarrfar ar an gComhchoiste um Shláinte agus Leanaí éisteachtaí poiblí faoin ábhar a reáchtáil agus an dréachtreachtaíocht a chur faoi iniúchadh.

“Ag ardú atá rátaí neamhthorthúlachta agus tá líon méadaitheach daoine ag iarraidh seirbhísí atáirgthe chuidithe. Is ag forbairt go mear atá raon agus cumas na seirbhísí ar fáil agus is féidir nithe a dhéanamh anois a mheasamar a bheith dodhéanta tráth,” arsa an tAire Varadkar.

“Mar sin féin, tá Éire ar cheann amháin den líon beag tíortha san Eoraip a chuireann seirbhísí atáirgthe dhaonna chuidithe ar fáil in éagmais creat rialála. Fágann sé sin go bhfuil daoine aonair ag fáil rochtain ar ghnáthaimh atá casta agus a d’fhéadfadh a bheith contúirteach i bhfolús dlíthiúil. Is tráthúil anois dul i ngleic leis an ábhar seo agus rialáil, teorainneacha agus cosaintí a fhorchur d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, coinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí agus leas aon leanaí iarmhartacha a chosaint.”

Áireofar tograí le haghaidh na nithe seo a leanas leis an dréachtreachtaíocht:

  • Rialálaí a chuirfidh sábháilteacht othar agus dea-chleachtas cliniciúil chun cinn i réimse an atáirgthe dhaonna chuidithe;
  • Coimeádfaidh an Rialálaí clár náisiúnta a chuimseoidh deontóirí, faighteoirí agus leanaí atá ginte ag deontóir agus coimeádfaidh sé taifid ar na gníomhaíochtaí agus na seirbhísí go léir a bhaineann le hAtáirgeadh Daonna Cuidithe;
  • Déanfar máthairionadaíocht in Éirinn a rialáil den chéad uair riamh;
  • Cosc ar mháthairionadaíocht tráchtála, cé go gceadófar aisíoc speansas réasúnach;
  • Ceangal ar na daoine atá le bheith ina dtuismitheoirí, ina ndeontóirí agus ina máithreacha ionaid comhairleoireacht a fháil agus a dtoiliú a thabhairt roimh ghnáthamh ar bith.

Áireofar na nithe seo a leanas leis na tograí sonracha i ndréacht-Chinn an Bhille:

Ar mhaithe le comhionannas agus le neamh-idirdhealú, beidh seirbhísí atáirgthe dhaonna chuidithe ar fáil do gach duine, beag beann ar inscne, ar stádas pósta nó ar chlaonadh gnéis, faoi réir leas aon leanaí iarmhartacha;
Beidh ar chlinicí othair a mheasúnú chun a chinntiú nach mbaineann riosca díréireach do shláinte na máthar agus an linbh iarmhartaigh leis an gcóireáil;

  • Ba cheart a bheith i gceist sa chleachtas caighdeánach d’iarrthóirí oiriúnacha suth amháin a aistriú isteach i mbroinn mná d’fhonn na rioscaí a bhaineann le hilbhreitheanna a íoslaghdú;
  • Cuirfear teorainn le líon na dteaghlach ar féidir speirm nó uibheacha ón aon deontóir amháin a dheonú dóibh;
  • Is féidir suthanna a dheonú ar dhaoine eile chun cur ar a gcumas leanbh a bhreith nó is féidir iad a dheonú chun críche taighde;
  • Ba cheart taighde gaschille suthaí a cheadú i gcásanna áirithe ach cuirfear cosc ar chruthú suthanna le haghaidh taighde agus cleachtais thurgnamhacha eile;
  • Cuirfear cosc ar roghnú gnéis le haghaidh cothromú inscne. Ceadófar roghnú gnéis ar chúiseanna míochaine, faoi réir dianchritéar, i gcásanna a bhfuil baol tromaí ann go dtiocfaidh galar géiniteach tromchúiseach nó lagú aníos, áfach;
  • Beidh sé ceadmhach don chéile nó don pháirtí sibhialta úsáid a bhaint as speirm, uibheacha nó suthanna stóráilte tar éis bás duine má thugann an duine sin toiliú leis an úsáid sin sula bhfuair sé/sí bás.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí:

Gnáthionchas an duine is ea an cumas leanbh a ghiniúint go nádúrtha. Tá na rátaí neamhthorthúlachta agus torthúlachta ísle ag méadú de bharr roinnt tosca sóisialta agus stíl mhaireachtála e.g. tuismíocht mhoillithe d’fhonn gairm bheatha a shaothrú agus sláine airgeadais a chinntiú agus rátaí níos airde murtaill agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha.

De bharr dul chun cinn ar theicneolaíochtaí atáirgthe dhaonna chuidithe, tá méadú tagtha ar líon na roghanna cóireála ar fáil dóibh siúd a dtéann neamhthorthúlacht agus torthúlacht íseal i bhfeidhm orthu, lena n-áirítear:
toirchiú in vitro, deonú gaiméití ó dheontóirí tríú páirtí agus máthairionadaíocht nuair a chomhaontaíonn bean, is é sin, an mháthair ionaid, leanbh a iompar agus a bhreith thar ceann duine eile nó lánúin eile
agus na catagóirí daoine ar mian leo rochtain a fháil ar na cóireálacha sin, ar nós lánúineacha heitrighnéasacha, lánúineacha den ghnéas céanna, daoine singile agus daoine ar mian leo galair oidhreachtúla thromchúiseacha a sheachaint. Dá bhrí sin, saincheist thábhachtach atá i neamhthorthúlacht agus i dtorthúlacht íseal ó thaobh míochaine agus cúrsaí sóisialta de.

Is ann do roinnt clinicí torthúlachta in Éirinn faoi láthair a thairgeann raon leathan seirbhísí, lena n-áirítear: toirchiú in vitro; diagnóis ghéiniteach roimh ionchlannú; inseamhnú ionútarach; instealladh in-chíteaplasmach speirme; agus deonú gaiméití.

Tá Éire ar cheann amháin den líon beag tíortha san Eoraip nach bhfuil reachtaíocht shonrach maidir le hatáirgeadh daonna cuidithe tugtha isteach acu go fóill. Tá sé sin ina chúis le folús rialála. Ní hé amháin go bhfuil iarmhairtí suntasacha aige sin do lánúineacha agus do dhaoine aonair atá ag úsáid cóireálacha atáirgthe dhaonna chuidithe, tá iarmhairtí suntasacha aige freisin do na clinicí torthúlachta iad féin agus don phobal i gcoitinne, a bhfuil ionchas dlisteanach aige go ndéanfar rialáil agus monatóireacht chúramach ar na cleachtais go léir a bhaineann le hatáirgeadh daonna cuidithe agus ar thaighde suthach.

Leagadh béim ar an ngá le creat rialála sonrach le haghaidh atáirgeadh daonna cuidithe agus an taighde ghaolmhair i roinnt tuarascálacha saineolacha, lena n-áirítear tuarascáil an Choimisiúin um Atáirgeadh Daonna Cuidithe [2005] agus tuarascáil Chomhairle na hÉireann um Bitheitic [2008], agus i roinnt cásanna cúirte ardiomrá in Éirinn freisin. Mar shampla, cúis mhórimní ar rialú na Cúirte Uachtaraí i gcás Roche v Roche (2009) ba ea an easpa rialála maidir le hatáirgeadh daonna cuidithe in Éirinn agus rinne sí an-cháineadh ar an easpa rialála sin.

Níos déanaí fós, cháin an Chúirt Uachtarach, agus í ag ceadú achomharc an Stáit i gcás MR & Anor v An tArd-Chláraitheoir & Ors, an easpa leantach reachtaíochta in Éirinn maidir le hatáirgeadh daonna cuidithe agus le máthairionadaíocht agus chuir sé in iúl go bhfuil freagracht ar an Oireachtas as reachtaíocht a fhorbairt sa réimse seo. Tar éis an rialaithe sin, thug an tAire Sláinte gealltanas go gcuirfeadh sé meabhrán faoi bhráid an Rialtais lena n-iarrfaí ceadú chun reachtaíocht maidir le hatáirgeadh daonna cuidithe a dhréachtú, rud atá déanta aige anois.

Tá na saincheisteanna leathana um beartas atáirgthe dhaonna chuidithe faoi bhreithniú sa Roinn Sláinte le roinnt blianta anuas agus, i mí Dheireadh Fómhair 2013, thug an Roinn faoi athbhreithniú ar thograí beartais reatha maidir le hatáirgeadh daonna cuidithe mar thoradh ar fhorbairtí eolaíocha, dlíthiúla agus eiticiúla agus chun a chinntiú gurb oiriúnach don fheidhm atá na tograí. Tá tacar cuimsitheach tograí beartais curtha le chéile ag an Roinn lena ndéileáiltear le raon leathan gnéithe d’atáirgeadh daonna cuidithe agus atá mar bhonn den reachtaíocht bheartaithe.