Preasráitis

Ráiteas ó Simon Harris, an tAire Sláinte, maidir leis an tragóid uafásach a bhaint do chriú Rescue 116 de chuid Ghardaí Cósta na hÉireann

Is suntasach an rud é go bhfuil an tír faoi néal dubh ar an lá geal earraigh seo.

Seasann criú Rescue 116 do láidreachtaí na tíre seo – tá siad ina n-eiseamláir misnigh, crógachta, neamhleithleasachta agus tiomantais do leas daoine eile.

Bhí na tréithe uile sin ar taispeáint thar oíche ar an gCósta Thiar.

Chuaigh an criú i bpáirt lena gcomhghleacaithe chun cabhrú le duine de chriú soithigh iascaireachta cúram leighis a rochtain.

Is eol dúinn anois, áfach, go bhfuair an Captaen Dara Fitzpatrick bás le linn na hiarrachta sin.

Is minic a tharraingíonn daoine le chéile le linn tréimhsí sárdheacrachta agus sárbhróin agus tá an méid sin le feiceáil arís eile inniu de réir mar a oibríonn ár seirbhísí éigeandála agus an pobal áitiúil le chéile ar an misean cuardaigh seo.

Tá an-trua againn do theaghlach an chriú, dá gcomhghleacaithe, dá bpobail agus do gach duine sa phobal Seirbhísí Éigeandála ag an am an-bhrónach seo<!–Notes ACF
–>

Is suntasach an rud é go bhfuil an tír faoi néal dubh ar an lá geal earraigh seo.

Seasann criú Rescue 116 do láidreachtaí na tíre seo – tá siad ina n-eiseamláir misnigh, crógachta, neamhleithleasachta agus tiomantais do leas daoine eile.

Bhí na tréithe uile sin ar taispeáint thar oíche ar an gCósta Thiar.

Chuaigh an criú i bpáirt lena gcomhghleacaithe chun cabhrú le duine de chriú soithigh iascaireachta cúram leighis a rochtain.

Is eol dúinn anois, áfach, go bhfuair an Captaen Dara Fitzpatrick bás le linn na hiarrachta sin.

Is minic a tharraingíonn daoine le chéile le linn tréimhsí sárdheacrachta agus sárbhróin agus tá an méid sin le feiceáil arís eile inniu de réir mar a oibríonn ár seirbhísí éigeandála agus an pobal áitiúil le chéile ar an misean cuardaigh seo.

Tá an-trua againn do theaghlach an chriú, dá gcomhghleacaithe, dá bpobail agus do gach duine sa phobal Seirbhísí Éigeandála ag an am an-bhrónach seo.