Preasráitis

Fógraíonn an tAire Sláinte an cathaoirleach ar an Athbhreithniú Náisiúnta ar Shainseirbhísí Cairdiacha

D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, inniu (Déardaoin) gur aontaigh an tOllamh Philip Nolan ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, cathaoirleacht a dhéanamh ar an Athbhreithniú ar Shainseirbhísí Cairdiacha.

Stiúrfaidh an tOllamh Nolan Coiste Stiúrtha an Athbhreithnithe Náisiúnta a chuimseoidh othair, gairmithe ábhartha sláinte, bainisteoirí sinsearacha ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus oifigigh shinsearacha ón Roinn. Beidh obair an ghrúpa bunaithe go han-soiléir ar fhianaise, ar shonraí ó sholáthar seirbhíse reatha agus ar chomhairliúchán cuí.

Dúirt an tAire Harris, “Tá rún daingean agam a chinntiú gur ag gach saoránach Éireannach a bheidh rochtain ar chúram atá sábháilte, ar ardchaighdeán agus fianaisebhunaithe agus atá ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta. Is é sin an fáth a bhfuiltear ag tabhairt faoin Athbhreithniú Náisiúnta seo ar Shainseirbhísí Cairdiacha. Déanfar mionscrúdú ar fhianaise agus ar shonraí, tabharfar faoi athbhreithniú piaraí idirnáisiúnta agus rachfar i gcomhairle le geallsealbhóirí lena linn. Tá an tOllamh Nolan rí-oiriúnach do chathaoirleacht a dhéanamh ar an athbhreithniú tábhachtach seo. Is aigesean atá na scileanna ceannaireachta, an tuiscint chliniciúil agus an tiomantas a theastaíonn chun cur chuige eolaíoch a ghlacadh i leith pleanáil seirbhíse.  Tá muinín agam gur ag an Ollamh Nolan atá an seasamh agus an chreidiúnacht a theastaíonn chun tacaíocht a spreagadh ó gach cuid dár seirbhísí sláinte, ó na gairmeacha lena mbaineann agus ónár n-ionadaithe poiblí.”

Ag labhairt dó faoin bhfógairt, dúirt an tOllamh Nolan, “Tá lúcháir orm glacadh leis an gcuireadh ón Aire.  Táim ag tnúth le rannchuidiú fónta a dhéanamh le pleanáil náisiúnta seirbhíse sláinte. Ní hé amháin go gcuirfear leis an athbhreithniú seirbhís chairdiach atá nua-aimseartha agus sábháilte ar aghaidh don saoránach aosach Éireannach ach taispeánfar leis freisin na tairbhí a bhaineann le sainsamhail neamhspleách is féidir a úsáid in athbhreithnithe seirbhíse amach anseo.”

Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an athbhreithniú sna seachtainí atá romhainn.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Beathaisnéis – an tOllamh Philip Nolan
Tá an tOllamh Philip Nolan ina Uachtarán ar Ollscoil Mhá Nuad le sé bliana anuas, áit ar stiúir sé forbairt straitéiseach a raibh de thoradh uirthi acmhainn taighde a mhéadú agus curaclaim fochéime a bhunathrú. Tá sé ina Uachtarán ar Chumann Ollscoileanna na hÉireann faoi láthair. Tá sé ina Chathaoirleach ar an Tascfhórsa um Roghnú agus Iontráil Ollscoile a Athchóiriú dá chuid freisin.

Agus PhD agus gradaim éagsúla taighde eolaíoch faighte aige, tá gairm acadúil an Ollaimh Philip Nolan mar fhianaise ar an tiomantas láidir atá aige do chruinneas modheolaíoch a bhaint amach agus fianaise á giniúint. Ghnóthaigh sé céim phríomha san Fhiseolaíocht sa bhliain 1988 agus bhain sé Baitsiléir Leighis (MB BCh BAO) amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1991.  Chaith an tOllamh Nolan tamaillín i gcleachtadh leighis ansin. Mar sin, tuigeann sé an tseirbhís sláinte agus an gá atá ann le sonraí agus fianaise a úsáid agus a chur i bhfeidhm chun torthaí othar a bharrfheabhsú.

Chuaigh an tOllamh Nolan isteach i bhfoireann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1996, áit a bhfuair sé an Dámhachtain Taighde agus an Dámhachtain Teagaisc araon ó Uachtarán UCD.  Stiúir sé an obair chun Ionad Eolaíochtaí Sláinte UCD a fhorbairt, rud a osclaíodh sa bhliain 2005. Bhí sé ina Stiúrthóir ar Institiúid Conway in UCD idir 2003-2004. Ceapadh an tOllamh Nolan mar Chláraitheoir agus mar Leas-Uachtarán ar UCD sa bhliain 2004 agus lean sé ar aghaidh le forbairtí a stiúradh ann go dtí gur ceapadh chuig Ollscoil Mhá Nuad é.

Cén fáth a dteastaíonn Athbhreithniú Náisiúnta ar Shainseirbhísí Cairdiacha uainn?
Gealladh sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta go ndéanfaí athbhreithniú cliniciúil neamhspleách ar an ngá atá ann le dara saotharlann um chataitéarú cairdiach in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge. Chríochnaigh an Dr Niall Herity an t-athbhreithniú sin i mí Iúil 2016.  Ceann de na moltaí a bhí sa tuarascáil uaidh ba ea gur cheart an tsaotharlann um chataitéarú cairdiach in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge a oibriú mar shaotharlann um chataitéarú roghnach ina soláthraítear gach cineál sainseirbhíse cairdiaiche, seachas cóireáil idirghabhálach éigeandála d’othair atá ag fulaingt taom croí (ionfharchtadh miócairdiach ST-ardaithe (STEMI)).

D’iarr an tAire ar an Roinn féachaint ar na himpleachtaí a bheidh ag an moladh sin trí athbhreithniú náisiúnta a dhéanamh ar gach seirbhís idirghabhála corónaí tréchraicní príomhúla (PPCI) chun a chinntiú gur ag an oiread othar is féidir a bheidh rochtain 24 uair sa lá/7 lá sa tseachtain ar idirghabhálacha éigeandála atá sábháilte agus inbhuanaithe tar éis dóibh taom croí a fhulaingt.  Rinneadh amhlaidh chun a chinntiú go dtiocfadh seirbhísí níos fearr d’othair as aon athrú a dhéanfaí ar an dóigh a soláthraítear seirbhísí.

I mí Iúil 2017, d’aontaigh an tAire dlús a chur le tosú an athbhreithnithe náisiúnta ar gach seirbhís PPCI, i réigiún an Oirdheiscirt san áireamh, agus tús a chur leis an obair ullmhúcháin, lena n-áirítear raon feidhme an athbhreithnithe a scrúdú. Luaigh sé go mbeadh sé mar aidhm leis an athbhreithniú seirbhís PPCI a chur ar fáil lena bhféadfaí torthaí cliniciúla a bhaint amach atá gach pioc chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta.

Tar éis raon feidhme an athbhreithnithe sin a scrúdú, cinneadh gurb é an cur chuige is cuí agus is éifeachtaí chun na torthaí cliniciúla is fearr is féidir a bhaint amach ná breithniú a dhéanamh ar na riachtanais uile atá ag seirbhísí cairdiacha d’aosaigh agus ar an dóigh is fearr chun iad a chumrú.

Cad is sainseirbhísí cairdiacha ann?
Cumhdaítear le sainseirbhísí cairdiacha seirbhísí ospidéalbhunaithe sceidealta agus neamhsceidealta araon le haghaidh galar cairdiach a dhiagnóisiú agus a chóireáil. Chun críocha an Athbhreithnithe Náisiúnta, áireofar iad seo a leanas leis na seirbhísí: seirbhísí diagnóiseacha (cóireáil ionrach agus neamhionrach); seirbhísí idirghabhálacha (chun galar artaire chorónaigh, suaitheadh rithime, mínormáltachtaí struchtúrtha agus galar croí aosach ón mbroinn a bhainistiú, ar idirghabhálacha iad a dhéantar i saotharlanna um chataitéarú cairdiach de ghnáth); aonaid dianchúraim chairdiach; seirbhísí cliseadh croí; seirbhísí bainistíochta neamhrithimeachta; cúram othar cónaitheach do neamhoird chardashoithíocha ainsealacha; seirbhísí othar seachtrach; athshlánú; teagasc; feidhmeanna bainistíochta; agus clinicí fospeisialta agus seirbhísí leictrifiseolaíocha nuair is cuí.

Cad a bheidh i gceist leis an Athbhreithniú Náisiúnta?
Is iad seo a leanas na téarmaí tagartha don Athbhreithniú Náisiúnta:

1.        An chumraíocht seirbhíse is fearr a mholadh do sheirbhís chairdiach náisiúnta d’aosaigh lena ngabhann líonraí cairdiacha réigiúnacha daonrabhunaithe agus ospidéil líonra trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
a.        an riachtanas daonrabhunaithe le seirbhísí cairdiacha d’aosaigh, mar atá leagtha amach i bpointe 4.2 thuas, a bhunú ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal grúpa ospidéal agus ar leibhéal contae
b.        íosriachtanais seirbhíse a leagan amach (lena n-áirítear íosriachtanais le haghaidh seirbhísí fospeisialta ábhartha) i dtaca le soláthar foirne, le gníomhaíocht agus le feidhmíocht, mar aon le haon bheart a mheastar a bheith ábhartha don raon feidhme agus do na téarmaí tagartha seo
c.        a leagan amach cén dóigh a dtacaítear san fhianaise leis an gcumraíocht seirbhíse agus leis na híosriachtanais oibríochtúla, nuair a bhíonn an fhianaise sin ar fáil, agus/nó a leagan amach cén dóigh a gcloíonn an chumraíocht agus na riachtanais leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus le caighdeáin idirnáisiúnta
d.        scrúdú agus bailíochtú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht agus ar an bhfaisnéis oibríochtúil ghaolmhar ó sheirbhísí reatha a thagann faoin raon feidhme chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cumas acu na híosriachtanais atá leagtha amach a chomhlíonadh.

2.        Breithniú follasach a dhéanamh ar a inbhuanaithe a bheidh an tseirbhís sa chéad 10-15 bliain eile, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais daonchumhachta, ar riachtanais chaipitil agus ar dhul chun cinn cliniciúil/teicneolaíoch

3.        Riachtanais chuí faisnéise maidir le rialachas cliniciúil agus feidhmíocht chliniciúil a leagan amach do gach gné den tseirbhís chun a chinntiú:
a.        go mbeidh rochtain ag othair ar sheirbhís bunaithe ar riachtanas cliniciúil, seachas suíomh geografach
b.        go mbeifear in ann sábháilteacht agus cáilíocht na seirbhíse ar gach leibhéal, lena n-áirítear leibhéal náisiúnta, a iniúchadh de réir caighdeáin fhianaisebhunaithe sábháilteachta agus cháilíochta agus go mbeifear in ann torthaí an iniúchta a thuairisciú go poiblí
c.        go n-úsáidfear acmhainní ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ón taobh cliniciúil de chun freastal ar riachtanais seirbhíse.

Cuirfidh an tAthbhreithniú Náisiúnta tús lena chuid oibre trí cheisteanna tábhachtacha a cheapadh ar a ndéanfar mionscrúduithe córasacha ar an bhfianaise, agus leas á bhaint as modheolaíocht atá aitheanta go hidirnáisiúnta lena linn. Rachfar i gcomhairle le geallsealbhóirí ansin, rud a mbeidh glao ar aighneachtaí i gceist leis. Ar deireadh, cuirfear painéal athbhreithnithe piaraí ar a mbeidh triúr saineolaithe idirnáisiúnta ar bun chun tabhairt faoi athbhreithniú piaraí atá neamhspleách, láidir agus trédhearcach agus atá bunaithe ar chritéir. A bhuí leis an ionchur a gheofar ó ghairmithe ábhartha agus ó othair, beifear in ann a chinntiú gur cuimsitheach agus den chaighdeán is airde is féidir a bheidh an tAthbhreithniú Náisiúnta.

Cé a bheidh páirteach san Athbhreithniú Náisiúnta?
Beidh Coiste Stiúrtha an Athbhreithnithe Náisiúnta faoi chathaoirleacht ag an Ollamh Nolan agus beidh 15 bhall eile aige.  Áireofar leo sin beirt othar, seachtar gairmithe sláinte a n-ainmneoidh eagraíochtaí gairmiúla ábhartha iad, triúr ionadaithe sinsearacha ó FSS, agus triúr oifigeach sinsearach ón Roinn.  Beidh saineolas ag an bhfoireann i gcoitinne ar na réimsí seo a leanas: soláthar cliniciúil; bainistíocht seirbhíse; beartas seirbhíse; éifeachtacht chliniciúil agus sábháilteacht othar; an tsláinte phoiblí; agus eispéireas othar.

Cén uair a thabharfaidh Coiste Stiúrtha an Athbhreithnithe Náisiúnta tuairisc ar a chuid oibre?
Is tábhachtach an rud é an tAthbhreithniú Náisiúnta toisc go soláthrófar leis an treoirphlean le haghaidh seirbhísí cairdiacha d’aosaigh amach anseo.  Mar sin, tá sé riachtanach go dtabharfar don Choiste Stiúrtha an t-am a theastaíonn uaidh chun athbhreithniú cuimsitheach láidir a dhéanamh de réir ardchaighdeáin. D’iarr an tAire go gcuirfeadh an Coiste Stiúrtha a thuarascáil faoina bhráid laistigh de thréimhse 12-18 mí óna bhunú. Tráth a bhunaithe, áfach, ullmhóidh an Coiste Stiúrtha plean cumarsáide a leanfaidh sé maidir lena chuid oibre.